Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL) 
Is comhaontas idirnáisiúnta é Coinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh a liostaíonn na cearta ba choir a bheith ar fáil do gach leanbh agus duine óg suas go 18 mbliana d’aois. Tá tiomantas tugtha ag beagnach gach tír ar domhan, Éire san áireamh, oibriú I dtreo na cearta seo a bhaint amach do gach aon leanbh agus duine óg.
Airteagal 1
Tá na cearta seo ag gach duine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
Airteagal 2
Tá na cearta seo ag gach leanbh beag beann ar cé hiad, cá bhfuil siad ina gcónaí, gairm bheatha a dtuismitheoirí, an teanga a labhraíonn siad, cibé acu an buachaillí nó cailíní iad, a gcultúr, cibé acu an bhfuil siad faoi mhíchumas nó nach bhfuil, nó cibé acu an bhfuil siad saibhir nó bocht. Níor chóir caitheamh go míchothrom le haon leanbh ar aon chúis.
Airteagal 3
Ba chóir do gach duine fásta a ndícheall a dhéanamh ar do shon. Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí, ba chóir go gcuirfidís san áireamh conas a rachadh na cinntí sin i bhfeidhm ar leanaí.
Airteagal 4
Tá sé de fhreagracht ar an rialtas a chinntiú go gcosnaítear do chearta. Is gá don rialtas cuidiú le do theaghlach do chearta a chosaint agus timpeallacht a chruthú inar féidir leat fás agus forbairt agus barr do chumais a bhaint amach.
Airteagal 5
Tá sé de fhreagracht ar do theaghlach cuidiú leat foghlaim faoi bhaint amach do chearta, agus a chinntiú go gcosnaítear do chearta.
Airteagal 6
Tá sé de cheart agat a bheith beo.
Airteagal 7
Tá sé de cheart agat ainm a bheith agat, agus go ndéanfadh an rialtas tú a aithint go hoifigiúil. Tá sé de cheart agat náisiúntacht a bheith agat (go mbainfeá le tír áirithe).
Airteagal 8
Tá sé de cheart agat céannacht a bheith agat – taifead oifigiúil de cé thú. Níor chóir d’éinne é sin a bhaint uait.
Airteagal 9
Tá sé de cheart agat cónaí le do thuismitheoir(í), mura ndéanfaidh sé sin dochar duit. Tá sé de cheart agat cónaí le teaghlach a dhéanfaidh cúram díot.
Airteagal 10
Mura bhfuil tú ag cónaí sa tír chéanna le do thuismitheoirí, tá sé de cheart agat a bheith leo san áit chéanna.
Airteagal 11
Tá sé de cheart agat go gcosnófaí tú ar fhuadach.
Airteagal 12
Tá sé de cheart agat tuairimí a bheith agat, agus go n-éistfeadh daoine fásta leis na tuairimí sin agus go mbeidís dáiríre faoi do thuairimí.
Airteagal 13
Tá sé de cheart agat fáil amach faoi rudaí agus do smaointe a roinnt le daoine eile, trí bheith ag caint, ag líníocht, ag scríobh nó ar aon bhealach eile, ach amháin má dhéanann sé sin dochar do dhaoine eile nó má mhaslaíonn sé iad.
Airteagal 14
Tá sé de cheart agat do reiligiún agus do chóras creidimh féin a roghnú. Ba chóir do do thuismitheoirí cuidiú leat beartú ar cad atá ceart agus cad atá mícheart, agus cad atá chun do leasa.
Airteagal 15
Tá sé de cheart agat do chairde féin a roghnú agus a bheith i do bhall de ghrúpaí áirithe, ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh sé sin dochar do dhaoine eile.
Airteagal 16
Tá ceart chun príobháideachta agat.
Airteagal 17
Tá sé de cheart agat eolas a fháil faoi cad atá tábhachtach do d’fholláine, ón raidió, ón bpáipéar nuachta, as leabhair, ó ríomhairí agus ó fhoinsí eile. Ba chóir do dhaoine fásta a chinntiú nach ndéanfaidh an t-eolas sin dochar duit, agus ba chóir dóibh cuidiú leat an t-eolas a bheidh ag teastáil uait a aimsiú agus a thuiscint.
Airteagal 18
Tá sé de cheart agat fás aníos le do thuismitheoir(í) más féidir é.
Airteagal 19
Tá sé de cheart agat cosaint a fháil ó dhrochíde, idir chorp is intinn.
Airteagal 20
Tá sé de cheart agat cúram speisialta a fháil murar féidir leat cónaí le do thuismitheoirí.
Airteagal 21
Tá sé de cheart agat cúram agus cosaint a fháil más rud é gur uchtáladh tú nó má tá tú faoi chúram altramais.
Airteagal 22
Tá sé de cheart agat cosaint agus cúnamh speisialta a fháil má tá tú i do theifeach (más rud é gur cuireadh iallach ort do bhaile a fhágáil agus cónaí i dtír eile), agus tá na cearta uile agat atá sa Choinbhinsiún seo.
Airteagal 23
Tá sé de cheart agat oideachas agus cúram speisialta a fháil má tá tú faoi mhíchumas, chomh maith leis na cearta go léir atá sa Choinbhinsiún seo, ionas gur féidir leat saol iomlán a chaitheamh.
Airteagal 24
Tá sé de cheart agat na nithe seo a fháil: an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.
Airteagal 25
Má tá cónaí ort faoi chúram nó i gcásanna eile ina bhfuil ort fanacht in áit eile seachas sa bhaile tá sé de cheart agat go ndéanfaí iniúchadh ar do shocruithe cónaithe ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil tú sa suíomh is oiriúnaí agus is féidir.
Airteagal 26
Tá sé de cheart agat cúnamh a fháil ón rialtas má tá tú bocht nó i ngátar.
Airteagal 27
Tá sé de cheart agat bia, éadaí agus áit shábháilte chónaithe a bheith agat agus go bhfreastalófaí ar do riachtanais bhunúsacha. Níor chóir go mbeifeá faoi mhíbhuntáiste sa chaoi is nach bhféadfá a lán rudaí a dhéanamh a dhéanann leanaí eile.
Airteagal 28
Tá sé de cheart agat oideachas ardchaighdeáin a fháil. Ba chóir go spreagfaí tú freastal ar scoil agus an leibhéal is airde oideachais agus is féidir a bhaint amach.
Airteagal 29
Ba chóir go gcuideodh d’oideachas leat do thallanna agus do chumais a úsáid agus a fhorbairt. Ba chóir go gcuideodh sé leat cónaí go síochánta le daoine eile agus go mbeadh cosaint agat ó na daoine sin agus go mbeadh meas acu ort.
Airteagal 30
Tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do reiligiún féin a chleachtadh – nó a roghnú. Bíonn cosaint speisialta an chirt seo ag grúpaí mionlaigh agus dúchasacha.
Airteagal 31
Tá ceart chun súgartha agus sosa agat.
Airteagal 32
Tá sé de cheart agat go gcosnófaí tú ar bheith ag obair má dhéanann sé sin dochar duit, agus má tá sé go holc do do shláinte agus do d’oideachas. Má tá tú ag obair, tá sé de cheart agat a bheith slán sábháilte agus pá cóir a fháil.
Airteagal 33
Tá sé de cheart agat cosaint a fháil ó dhrugaí dochracha agus ó thionscal na ndrugaí.
Airteagal 34
Tá sé de cheart agat cosaint a fháil ó mhí-úsáid ghnéasach.
Airteagal 35
Níl cead ag aon duine tú a fhuadach ná a dhíol.
Airteagal 36
Tá sé de cheart agat cosaint a fháil ó aon chineál dúshaothraithe (nó aon chineál drochúsáide).
Airteagal 37
Níl cead ag aon duine pionós a chur ort nó bheith cruálach leat ar aon bhealach.
Airteagal 38
Tá sé de cheart agat cosaint a fháil agus a bheith saor ó chogadh. Níl cead iallach a chur ar leanaí faoi bhun 15 mbliana d’aois dul san arm ná a bheith páirteach i gcogadh.
Airteagal 39
Tá sé de cheart agat cúnamh a fháil más rud é gur gortaíodh tú, go ndearnadh faillí ort nó gur caitheadh go holc leat.
Airteagal 40
Tá sé de cheart agat cúnamh dlí a fháil agus go gcaithfí go cóir cothrom leat i gcóras dlí ina bhfuil meas ar do chearta.
Airteagal 41
Má tá dlíthe i do thír a chuireann cosaint níos fearr ar do chearta ar fáil duit ná airteagail an Choinbhinsiúin seo, ba chóir go mbeadh feidhm ag na cearta sin.
Airteagal 42
Tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoi do chearta! Ba chóir go mbeadh daoine fásta in iúl ar na cearta seo agus cuidiú leat foghlaim fúthu.
Airteagail 43 go 54
Míníonn na hAirteagail seo conas is cóir do rialtais agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil le UNICEF oibriú lena chinntiú go gcosnaítear leanaí agus a gcearta.






